LÉIRITHE

FÍSEÁIN



Nuacht

Dé Sathairn, 2009 Meitheamh 13

Dhá Dhráma Raidió
Tá cóiriú speisialta don raidió de na drámaí Coinneáil Orainn agus An Braon Aníos á thaifeadadh ag Salamandar i stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla an samhradh seo. Orthu siúd atá páirteach tá Macdara Ó Fátharta (Cré na Cille, Cosa Nite), Bríd Ní Neachtain, Peadar Ó Treasaigh (Kings), Pádraic Ó Tuairisc, Caitlín Uí Chonghaile agus Uinseann Mac Thómais. Craolfaidh RnaG na drámaí faoi Nollaig.
Is le cabhair ó Choimisiún Craolacháin na hÉireann atá na drámaí á léiriú.