
Léireofar dráma nua géarchúiseach grinn leis an scríbhneoir iomráiteach Darach Ó Scolaí sa Project Arts Centre i mBaile Átha Cliath ón Mháirt 20 go Satharn 24 Deireadh Fómhair 2009. Is iad an comhlacht gairmiúil amharclannaíochta Salamandar atá i mbun an léirithe.
Suite sa bhliain 1171, caitheann An tSeanbhróg féachaint úr ghreannmhar ar an stair agus ar an Éireannachas. Agus é faoi thionchur a chomrádaí glic Muiris, tá an ridire buacach Normannach Gearóid idir dhá chomhairle: a bheith dílis dá Rí thall i Londain nó ríocht nua a chruthú dó féin san oileán iathghlas seo atá curtha faoi chois acu.
Deirtear gurb iad na buaiteoirí a scríobhann an stair ach céard a thárlaíonn nuair a deir na buaiteoirí gurb iad féin a chaill?!

Léiriú eile é An tSeanbhróg ar bhua Uí Scolaí mar cheardaí pinn a bhfuil faobhar ar a chuid focal agus é ag fí greann nádúrtha dúchasach Chonamara as fáithim thragóideach na daonnachta. Drámaíocht nua, dhána, fhisiciúil í seo a thagann sna sála ar shár-léirithe rathúla eile Salamandar a léiríodh le deireaneas - Craos & An Braon Aníos.
Le Darach Mac Con Iomaire (Cré na Cille) ag stiúradh agus Seán Ó Flaithearta i mbun dearadh stáitse, tugann An tSeanbhróg roinnt de na pearsana is aitheanta i ndomhan na drámaíochta Gaeilge i gcomhpháirtíocht le chéile arís. Orthu siúd freisin tá na haisteoirí Seán Ó Meallaigh, Marcus Lamb & Eoin Geoghegan, agus an cumadóir clúiteach ceoil Rachel Holstead.
Osclóidh An tSeanbhróg sa Project Arts Centre, Baile Átha Cliath ón Mháirt 20 - go Satharn 24 Deireadh Fómhair sula dtabharfar aghaidh ar an Regional Cultural Centre i Leitir Ceanainn ón gCéadaoin 28 go Satharn 31 Deireadh Fómhair, mar chuid de Oireachtas na Gaeilge.
Tuilleadh eolais, sonraí agallaimh agus pictiúr:
Laura Ní Cheallaigh 086 8449410 lauranicheallaigh@eircom.net
Project Arts Centre, Barra an Teampaill. Baile Átha Cliath 2. Máirt 20 - Satharn 24 D. Fómhair @ 8.15pm Ticéid ?15 / ?10 Eolas/Áirthintí 01 8819613 & www.projectartscentre.ie
The Regional Cultural Centre, Port Road, Leitir Ceanainn. Céadaoin 28 - Satharn 31 D. Fómhair @ 8.00pm Ticéid ?15 / ?10 Eolas/Áirthintí 074 9129186 www.salamandar.net

An tSeanbhróg
- A Biting New Play by Darach Ó Scolaí -
Marcus Lamb, Seán Ó Meallaigh and Eoin Geoghegan combine in the latest Salamandar production from the pen of award-winning writer Darach Ó Scolaí which will premiére in the Project Arts Centre, Dublin from the 20th October 2009.
An tSeanbhróg (The Old Shoe) is an intensely physical Irish language tragicomedy, which lampoons the human frailty at the core of our collective amnesia surrounding one of the most defining moments of Irish History. Set in 1171, An tSeanbhróg offers an alternative view of the conquest of Ireland, with a subersive take on Irishness and nationalist spin-doctoring.
Torn between duty to their king in faraway London and easier pickings in the Emerald Isle, two comrades put their friendship to the test as old loyalties are re-evaluated in this vicious new black comedy. Guided by his avoricious side-kick Muiris, the conquering knight Gearóid finds himself at the head of a nation-building conspiracy intent on power. History is said to be written by the winners but what happens when the winners pretend to have lost?!
Following the huge success of their two previous productions Craos & An Braon Aníos, Galway-based theatre company Salamandar showcase once again the talent of writer Darach Ó Scolaí in weaving intense comedy from the frayed threads and absurdity of the human condition.
Directed by enfant terrible of the Irish language stage, Darach Mac Con Iomaire, with set design by Seán Ó Flaithearta, An tSeanbhróg sees the collaboration of some of the top names in Irish Language drama, with an original score by award-winning composer, Rachel Holstead.
An tSeanbhróg will premiére in the Project Arts Centre, Dublin from the 20th - 24th October before transferring to the Regional Cultural Centre in Letterkenny from the 28th - 31st October as part of the Oireachtas na Gaeilge Festival.
For further information, interview contacts or images, please contact Laura Ní Cheallaigh on 086 8449410 or e-mail: lauranicheallaigh@eircom.net
Project Arts Centre, Temple Bar, Dublin 2. Tue 20 - Sat 24 October @ 8.15pm Tickets ?15 / ?10 Information/bookings 01 8819613 & www.projectartscentre.ie
The Regional Cultural Centre, Port Road, Letterkenny. Wed 28 - Sat 31 October @ 8.00pm Tickets ?15 / ?10 Information/bookings 074 9129186 www.salamandar.net
Labels: Dráma, Oireachtas, Project, RCC, Salamandar, Seanbhróg