LÉIRITHE

FÍSEÁIN





Craos

"Dráma Grinn a bhfuil ábhar machnaimh ann." —The Irish Times

 

Is é Craos an dráma deireanach sa tsraith Trí Bhraon le Darach Ó Scolaí, sraith trí dhráma a phléann leis an mbréag agus le saol na Gaeltachta agus na Gaeilge fré chéile. Suite i mbialann tuaithe ina bhfuil bean an tí, Nóra, i ndomhan fantaisíochta dá cuid féin, agus muintir an tí ar a ndícheall ag iarraidh an saol bréige atá cruthaithe aici di féin a chaomhnú di.

Ach nuair a éiríonn rómhaith leis an gcur i gcéill, agus nuair a shocraíonn Nóra tuilleadh oibre a bhaint as muintir an tí, cuireann an bhean óg, Caitlín, cos i dtaca.“Tá rudaí ag dhul ag athrú sa teach seo,”a deir Caitlín. Agus bydad tá!

Tuilleadh eolais faoin scríbhneoir

Ag aisteoireacht sa dráma bhí Peadar Ó Treasaigh, Caitlín Ní Chonghaile, Pádraig Ó Tuairisc agus Caitríona Ní Chonaola. Is é Darach Ó Scolaí a stiúraigh, agus is í Sorcha Nic Eochagáin a bhí ina bainisteoir léirithe.

Tuilleadh eolais faoin dráma

Tá script Craos ar fáil anois ó na foilsitheoirí Leabhar Breac, agus í ar fáil ó shiopaí maithe leabhar ar fud na tíre.

Tuilleadh eolais ó Leabhar Breac