Athnuachan
Athchóiriú le Darach Ó Scolaí ar an úrscéal le Máirtín Ó Cadhain
Sa bhliain 1995 a foilsíodh Athnuachan, úrscéal nár éirigh le Máirtín Ó Cadhain a chríochnú roimh a bhás i 1970.
Úrscéal greannmhar faoi fhaitíos agus faoi dhínit an duine roimh an mbás atá in
Athnuachan. Suitear an scéal seo i gCois Fharraige i ndeireadh na 40dí. Tá Beairtle Mór, a bhí tráth den saol ina bhuachaill báire, anois ag druidim leis an tseanaois agus é ina bhall seire ag fir óga na háite atá á chur soir agus siar ar thóir leighis agus íocshláinte. Ach bíodh is nach bhfuil ann ach píosa spraoi dóibh siúd níl aon éalú ón mBás.