LÉIRITHE

FÍSEÁIN





FÁILTE GO SALAMANDAR

Compántas gairmiúil drámaíochta é Salamandar atá
lonnaithe i gConamara agus ag freastal ar an tír ar fad.

An tSeanbhróg An tSeanbhróg

Camchuairt náisiúnta Deireadh Fómhair - Samhain 2009

Faoi thionchar a chomrádaí glic Muiris, tá an ridire Normannach Gearóid idir dhá chomhairle: dílseacht dá Rí i Londain nó ríocht nua a chruthú dó féin in Éirinn. Deirtear gurb iad na buaiteoirí a scríobhann an stair ach céard a tharlaíonn nuair a deir na buaiteoirí gurb iad féin a chaill?!

Craos

Camchuairt náisiúnta 2008. Peadar Ó Treasaigh, Pádraic Ó Tuairisc, Caitlín Ní Chonghaile, Caitríona Ní Chonaola.

“Dráma grinn a bhfuil ábhar machnaimh ann, aisteoireacht den scoth agus caint spleodreach deisbhéalach.” —Máiréad Ní Chinnéide, The Irish Times

A+E

Ciotóg i gcomhar le Salamandar.

Morgan Cooke agus Ríonach Ní Néill i ndráma damhsa agus ceoil ar théama na difríochta. Ar camchuairt Meán Fómhair/Deireadh Fómhair 2008.

An Braon Aníos

Camchuairt náisiúnta 2006/2007

"Údar misnigh agus damhna dóchais an dráma seo ó dhuine den bheagán a thuigeann ceird agus coinsias an drámadóra, fear atá sásta a aird a dhíriú ar a bhfuil ar bun ag polaiteoirí poimpéiseacha." —Feargal Ó Béarra, Foinse

Trí Bhraon

Meán Fómhair 2009

An chéad dá dhráma raidió sa tsraith Trí Bhraon á léiriú ag Salamandar san Earrach i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Coimisisiún Craolacháin na hÉireann. Craolfar na drámaí san Fhómhar.

Athnuachan

Bunaithe ar an úrscéal le Máirtín Ó Cadhain léireoidh Salamandar leagan stáitse de Athnuachan i bhfómhar na bliana seo.

Cuirfear an dráma ar stáitse sa Project Arts Centre i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath, agus in Amharclann Chois Fharraige, Indreabhán.